Idir shúgradh agus dáiríre : grá riabhach Bhiddy Jenkinson
Citation:
Caitlín Nic Íomhair, 'Idir shúgradh agus dáiríre : grá riabhach Bhiddy Jenkinson', [thesis], Trinity College (Dublin, Ireland). Department of Irish and Celtic Studies, 2017, pp 221Download Item:
Abstract:
File, drámadóir, gearrscéalaí agus úrscéalaí í 'Biddy Jenkinson' atá ag foilsiú faoin ainm pinn sin le 35 bliain anuas. Ainneoin go n-áirítear í ar na scríbhneoirí Gaeilge is tábhachtaí agus is bisiúla sa lá atá inniu ann, is tearc iad na saothair chritice a foilsíodh uirthi go fóill - mar gheall, b'fhéidir, ar sheachantacht an fhile nó ar chastacht an ábhair. Sa tráchtas seo, déanaim iarracht tógáil ar an mhéid atá scríofa cheana faoi fhilíocht Jenkinson trí staidéar téamúil a dhéanamh ar an teannas idir grá agus bás ina saothar, agus an greann as eascraíonn as an teannas sin. Dírítear ar dhánta de chuid Bhiddy Jenkinson a bhaineann leas as guth na chéad phearsan. Cúig chaibidil san iomlán atá sa tráchtas, móide réamhrá, conclúid agus dhá aguisín. Bíonn tosaíocht ag an fhilíocht síos tríd, cé go mbaintear leas as foilseacháin eile de chuid an fhile nuair a bhaineann siad le hábhar.
Author: Nic Íomhair, Caitlín
Publisher:
Trinity College (Dublin, Ireland). Department of Irish and Celtic StudiesNote:
TARA (Trinity's Access to Research Archive) has a robust takedown policy. Please contact us if you have any concerns: rssadmin@tcd.ieType of material:
thesisCollections
Availability:
Full text availableSubject:
Irish, Ph.D., PhD Trinity College Dublin, 2017Metadata
Show full item recordThe following license files are associated with this item: