Cur chun cinn na Gaeilge trí Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT)
Citation:
Pádraic Ó Mainín, 'Cur chun cinn na Gaeilge trí Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT)'Download Item:
Abstract:
Díríonn an taighde seo ar eispéiris agus an dearcadh a bhí ag páistí i rang a trí i scoil T2 ar mhúineadh agus ar fhoghlaim chorpoideachais trí Ghaeilge. Rinneadh an staidéar ar ghrúpa amháin daltaí a bhí i rang a trí i scoil lán-Bhéarla. Ghlac 22 páiste (idir 9-10 bliaina d’aois) sa rang páirt in aonad corpoideachais (3 cheacht) trí mheán na Gaeilge. Tugadh faoi na trí cheacht thar thréimhse coicíse agus mhair gach ceacht 40 nóiméad. Bailíodh sonraí cáilíochtúla agus don anailís baineadh úsáid as breathnóireacht dhíreach ar cheachtanna, machnaimh scríofa, ceistneoirí, seicliosta agus grúpa fócais. Thuairiscigh torthaí an taighde gur choinnigh na páistí dearcadh dearfach i leith an chorpoideachais fiú nuair a bhí an ceacht ar siúl i dteanga eile. Chomh maith leis sin d’éirigh na páistí an-spreagtha de réir mar a tugadh deiseanna dóibh chun an Ghaeilge a úsáid i gcluichí gníomhacha sa chorpoideachas. Spreagadh féin-mhuinín agus inniúlacht na bpáistí chun an teanga a úsáid de réir a chéile. Léirigh an anailís roinnt dúshláin oideolaíoch casta agus leanúnach go háirithe i dtaobh cothromaíocht idir ábhar agus teanga sa bpleanáil agus sa teagaisc. Méadaíonn an staidéar ár dtuiscint ar éifeachtacht agus poitinséal FCÁT a úsáid mar thionscnamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna na hÉireann.
Author: Ó Mainín, Pádraic
Advisor:
Dunne, ClaireType of material:
ThesisCollections
Availability:
Full text availableSubject:
Research Subject CategoriesMetadata
Show full item recordThe following license files are associated with this item: