An Ginmhilleadh agus Foirm an Réalachais i nGearrscéal le Seán Mac Mathúna.
dc.contributor.author | Whelton, Marie | |
dc.date.accessioned | 2023-04-28T12:44:06Z | |
dc.date.available | 2023-04-28T12:44:06Z | |
dc.date.issued | 2016 | |
dc.identifier.citation | Whelton, M. (2016). ‘An Ginmhilleadh agus Foirm an Réalachais i nGearrscéal le Seán Mac Mathúna.’ Bliainiris 11, 60-77. | en |
dc.description.abstract | Teideal an ghearrscéil, ‘Triúrmhilleadh,’ le Seán Mac Mathúna, a thugann le fios, ó fhíorthús an scéil, go mbeidh iarmhairt an ghinmhillte mar théama lárnach ann. De réir an teidil, ní hí an ghiniúint amháin atá ‘millte’ ach tá beirt eile ‘millte’ freisin. In ainneoin gur léir láithreach ón imeartas sa teideal go dtarraingeoidh an scéal aird ar eitic an ghinmhillte, ní dhéantar tagairt ar bith, i gcorp an scéil, don eaglais, don stáit, don dlí ná don leigheas, na páirtithe a shamhlaítear in Éirinn, de ghnáth, leis an díospóireacht faoin nginmhilleadh. In ionad taobhú go hoscailte le haon fheachtas ar leith, tugtar léiriú, i dtraidisiún an réalachais, ó pheirspictíocht mhná, ar thionchar fadtéarmach an ghinmhillte. Sa pháipéar seo déanfar anailís ar ghearrscéal Mhic Mhathúna i gcomhthéacs na ndíospóireachtaí reatha atá ar siúl faoi cheist na foirme sa phróslitríocht chathrach. Féachfar, go háirithe, ar an tslí a n-éiríonn leis an údar an ‘cur i gcéill’ a úsáid chun an réaltacht a chur i láthair go hoscailte mar fhicsean, agus san am céanna, chun an ficsean a chur i láthair mar réaltacht. Áiteofar go bhfoilsíonn an t-údar teorainneacha an réalachais, agus ar an mbealach sin, go n-éiríonn leis seasamh eiticiúil a thógáil a cheistíonn gnéithe den chultúr uirbeach comhaimseartha ó bhonn. | en |
dc.language.iso | ga | en |
dc.publisher | Leabhar Breac | en |
dc.relation.ispartofseries | Bliainiris;11 | |
dc.subject | Achoimre | en |
dc.subject | Abstract | en |
dc.subject | Anailís chriticiúil | en |
dc.subject | Anailís théacsúil | en |
dc.subject | Literary criticism | en |
dc.subject | Gearrscéalta | en |
dc.subject | Próslitríocht chathrach | en |
dc.subject | Réalachas | en |
dc.subject | Realism | en |
dc.subject | Ginmhilleadh | en |
dc.subject | Abortion | en |
dc.subject | Litríocht chomhaimseartha | en |
dc.subject | Ficsean na Gaeilge | en |
dc.subject | Irish-language literature | en |
dc.subject | Irish-language fiction | en |
dc.subject | Short story | en |
dc.subject.lcsh | Irish literature | en |
dc.title | An Ginmhilleadh agus Foirm an Réalachais i nGearrscéal le Seán Mac Mathúna. | en |
dc.type | Achoimre ar Chaibidil Fhoilsithe / Abstract of Published Book Chapter | en |
dc.rights.ecaccessrights | openAccess | |
dc.identifier.uri | http://hdl.handle.net/2262/102549 |
Files in this item
This item appears in the following Collection(s)
-
Peer Reviewed Publications
Includes peer-reviewed journal articles and book chapters.