An é Trasteangú Athbheochán na Gaeilge?
Citation:
Sarah Burke, 'An é Trasteangú Athbheochán na Gaeilge?', 2018, Student Teacher Educational Research e-Journal [STER], Volume 1;Article 2Abstract:
‘Tír gan teanga, tír gan anam.’ Aontaím leis an méid a dúirt Pádraig Mac Piarais. Tá an mhionteanga
in Éirinn fíor thábhachtach, is cuid dár gcultúr í agus is linne í. Bíonn díospóireachtaí ann i gcónaí faoin
dteanga; daoine ag iarraidh í a chur chun cinn agus daoine eile nach bhfuil. Tá go leor modhanna
múinteoireachta ann chun an Ghaeilge a mhúineadh; tumoideachais i nGaelscoileanna agus straitéisí
eile i scoileanna Béarla. Tar éis ocht mbliana sa bhunscoil ní bhíonn formhór na ndaoine (i scoileanna
Béarla) muiníneach go leor an Ghaeilge a labhairt. Tá mise ag iarraidh fiosrú an féidir le bunscoileanna
aon mhodh eile a úsáid chun an Ghaeilge a fhorbairt. Beidh mé ag fiosrú trasteangú mar straitéis nua
in Éirinn agus ag fáil amach an gceapann múinteoirí bunscoile an féidir le trasteangú oibriú anseo i scoileanna príomhshrutha amháin chun an Ghaeilge a shaothrú. Ní chuirfidh mé múinteoirí i nGaelscoileanna faoi agallamh mar gheall go mbíonn tumoideachais ar bun i nGaelscoileanna agus
cuireadh trasteangú isteach ar sin dar liom.
Is téarma réasúnta nua agus i mbéal forbartha é ‘trasteangú,’ cé gur d’fhobair fear d’arbh
ainm Cen Williams an téarma i bhfad siar sna hochtaidí (Lewis et al. 2012, Cummins 2014, Nikula agus
Moore 2016). D’úsáid Williams an téarma trasteangú chun tagairt a dhéanamh ar chleachtais
oideolaíoch dátheangach ar leith a d’fhorbair sé chun úsáid a bhaint as chláir dátheangachas, le
haghaidh Breatnaise agus Béarla sa Bhreatain Bheag. Is straitéis struchtúrtha í an trasteangú ina
chuirtear béim ar an teanga is laige chun í a fhorbairt. Bhí Williams go mór i bhfabhar dhá theanga a
úsáid agus a athrú sa phróiseás ionchur agus aschur in aon rang amháin, mar shampla; slíocht a
thabhairt do na páistí i mBéarla le léamh agus ansin cur síos a dhéanamh ar an slíocht sin trí mheáin
na Breatnaise. An aidhm a bhí ag Williams ná bhí sé ag iarraidh ar na páistí eolais a phróiseáil go
domhain. Bhí an cur chuige seo ann chun tacaíocht a thabhairt do stádas na Breatnaise i scoileanna
agus chun daltaí a spreagadh chun smaointe níos casta a fhorbairt ina dteanga níos laige (Ballinger et
al. 2017). Seans gur féidir le seo dóchas a thabhairt don Ghaeilge in Éirinn freisin.
Léiríonn Cummins (2014) go gcuireann trasteangú réalaíocht an dátheangachas chun cinn i
gcomhtéacsanna nádúrtha go rialta. Cosúil le Ballinger et al., léiríonn Cummins, gur féidir le
trasteangú an teanga is laige a fhorbairt. Bíonn na teangacha a mhalairt ó theanga amháin go teanga
eile i mbun ceachta, seachas 100% lán-tumoideachais a chur chun cinn. Ní aontaíonn sé le dhá
theanga a bheith scartha óna chéile, creideann sé go bhfuil sé tábhachtach aistriú idir dhá theanga
agus daltaí ag foghlaim ar scoil. An argóint atá ag Cummins chun comhtháthú idir dhá theanga ar
scoil, ná go bhfoghlaimíonn daltaí níos éifeachtaí nuair a tharraingíonn an múinteoir aird an dalta ar
chosúlachtaí agus éagsúlachtaí sna dhá theanga. Dar le Cummins, is éard is brí leis an téarma
‘oideachas dátheangach’ ná nuair a úsáidtear níos mó ná teanga amháin chun teagaisc agus nuair a
bhfuil na teangacha úsáidte chun ábhar a mhúineadh seachas an teanga féin a mhúineadh.
Ar an taobh eile, deir Ó Brolcháin (2017), agus Ballinger et al. (2017), nach é an trasteangú an
bealach is éifeachtaí chun mionteanga a chur chun cinn. Cuirtear in iúl dá mbeadh an rogha ag páistí
an Ghaeilge nó an Béarla a labhairt, roghnaíodh an Béarla, fiú iad siúd ina bhfuil an Ghaeilge mar
theanga dúcháis acu. Is í an Ghaeilge príomh theanga na tíre de réir Bunreacht na hÉireann (Airteagail
8.1), ach, fós fhéin is mionteanga í. Tá an staidéar seo tábhachtach, dar liom, mar tá gá le córas
oideachais éifeachtach Ghaeilge a chur chun cinn i mbunscoileanna príomhshrutha na tíre seo. An cheist atá faoi bhráid ná; An é trasteangú athbheochan na Gaeilge? Oibríonn trasteangú go maith sa Bhreatain Bheag (Lewis et al. 2012) agus is léir go bhfuil sé tar éis cur leis an mBreatnaise. Ceisteoidh mé an mbeadh trasteangú ábalta oibriú anseo in Éirinn ar an gcaoi céanna agus muna bhfuil, cén fáth.
Author: Burke, Sarah
Type of material:
Journal ArticleCollections
Series/Report no:
Student Teacher Educational Research e-Journal [STER], Volume 1;Article 2Availability:
Full text availableSubject:
Múineadh na Gaeilge, Trasteangú, TumoideachaisMetadata
Show full item recordThe following license files are associated with this item: