Show simple item record

dc.contributor.authorBurke, Sarah
dc.date.accessioned2024-07-03T12:20:11Z
dc.date.available2024-07-03T12:20:11Z
dc.date.issued2018
dc.identifier.citationSarah Burke, 'An é Trasteangú Athbheochán na Gaeilge?', 2018, Student Teacher Educational Research e-Journal [STER], Volume 1;Article 2en
dc.description.abstract‘Tír gan teanga, tír gan anam.’ Aontaím leis an méid a dúirt Pádraig Mac Piarais. Tá an mhionteanga in Éirinn fíor thábhachtach, is cuid dár gcultúr í agus is linne í. Bíonn díospóireachtaí ann i gcónaí faoin dteanga; daoine ag iarraidh í a chur chun cinn agus daoine eile nach bhfuil. Tá go leor modhanna múinteoireachta ann chun an Ghaeilge a mhúineadh; tumoideachais i nGaelscoileanna agus straitéisí eile i scoileanna Béarla. Tar éis ocht mbliana sa bhunscoil ní bhíonn formhór na ndaoine (i scoileanna Béarla) muiníneach go leor an Ghaeilge a labhairt. Tá mise ag iarraidh fiosrú an féidir le bunscoileanna aon mhodh eile a úsáid chun an Ghaeilge a fhorbairt. Beidh mé ag fiosrú trasteangú mar straitéis nua in Éirinn agus ag fáil amach an gceapann múinteoirí bunscoile an féidir le trasteangú oibriú anseo i scoileanna príomhshrutha amháin chun an Ghaeilge a shaothrú. Ní chuirfidh mé múinteoirí i nGaelscoileanna faoi agallamh mar gheall go mbíonn tumoideachais ar bun i nGaelscoileanna agus cuireadh trasteangú isteach ar sin dar liom. Is téarma réasúnta nua agus i mbéal forbartha é ‘trasteangú,’ cé gur d’fhobair fear d’arbh ainm Cen Williams an téarma i bhfad siar sna hochtaidí (Lewis et al. 2012, Cummins 2014, Nikula agus Moore 2016). D’úsáid Williams an téarma trasteangú chun tagairt a dhéanamh ar chleachtais oideolaíoch dátheangach ar leith a d’fhorbair sé chun úsáid a bhaint as chláir dátheangachas, le haghaidh Breatnaise agus Béarla sa Bhreatain Bheag. Is straitéis struchtúrtha í an trasteangú ina chuirtear béim ar an teanga is laige chun í a fhorbairt. Bhí Williams go mór i bhfabhar dhá theanga a úsáid agus a athrú sa phróiseás ionchur agus aschur in aon rang amháin, mar shampla; slíocht a thabhairt do na páistí i mBéarla le léamh agus ansin cur síos a dhéanamh ar an slíocht sin trí mheáin na Breatnaise. An aidhm a bhí ag Williams ná bhí sé ag iarraidh ar na páistí eolais a phróiseáil go domhain. Bhí an cur chuige seo ann chun tacaíocht a thabhairt do stádas na Breatnaise i scoileanna agus chun daltaí a spreagadh chun smaointe níos casta a fhorbairt ina dteanga níos laige (Ballinger et al. 2017). Seans gur féidir le seo dóchas a thabhairt don Ghaeilge in Éirinn freisin. Léiríonn Cummins (2014) go gcuireann trasteangú réalaíocht an dátheangachas chun cinn i gcomhtéacsanna nádúrtha go rialta. Cosúil le Ballinger et al., léiríonn Cummins, gur féidir le trasteangú an teanga is laige a fhorbairt. Bíonn na teangacha a mhalairt ó theanga amháin go teanga eile i mbun ceachta, seachas 100% lán-tumoideachais a chur chun cinn. Ní aontaíonn sé le dhá theanga a bheith scartha óna chéile, creideann sé go bhfuil sé tábhachtach aistriú idir dhá theanga agus daltaí ag foghlaim ar scoil. An argóint atá ag Cummins chun comhtháthú idir dhá theanga ar scoil, ná go bhfoghlaimíonn daltaí níos éifeachtaí nuair a tharraingíonn an múinteoir aird an dalta ar chosúlachtaí agus éagsúlachtaí sna dhá theanga. Dar le Cummins, is éard is brí leis an téarma ‘oideachas dátheangach’ ná nuair a úsáidtear níos mó ná teanga amháin chun teagaisc agus nuair a bhfuil na teangacha úsáidte chun ábhar a mhúineadh seachas an teanga féin a mhúineadh. Ar an taobh eile, deir Ó Brolcháin (2017), agus Ballinger et al. (2017), nach é an trasteangú an bealach is éifeachtaí chun mionteanga a chur chun cinn. Cuirtear in iúl dá mbeadh an rogha ag páistí an Ghaeilge nó an Béarla a labhairt, roghnaíodh an Béarla, fiú iad siúd ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga dúcháis acu. Is í an Ghaeilge príomh theanga na tíre de réir Bunreacht na hÉireann (Airteagail 8.1), ach, fós fhéin is mionteanga í. Tá an staidéar seo tábhachtach, dar liom, mar tá gá le córas oideachais éifeachtach Ghaeilge a chur chun cinn i mbunscoileanna príomhshrutha na tíre seo. An cheist atá faoi bhráid ná; An é trasteangú athbheochan na Gaeilge? Oibríonn trasteangú go maith sa Bhreatain Bheag (Lewis et al. 2012) agus is léir go bhfuil sé tar éis cur leis an mBreatnaise. Ceisteoidh mé an mbeadh trasteangú ábalta oibriú anseo in Éirinn ar an gcaoi céanna agus muna bhfuil, cén fáth.en
dc.language.isoenen
dc.relation.ispartofseriesStudent Teacher Educational Research e-Journal [STER], Volume 1;Article 2
dc.subjectMúineadh na Gaeilgeen
dc.subjectTrasteangúen
dc.subjectTumoideachaisen
dc.titleAn é Trasteangú Athbheochán na Gaeilge?en
dc.typeJournal Articleen
dc.rights.ecaccessrightsopenAccess
dc.identifier.urihttps://hdl.handle.net/2262/108683


Files in this item

Thumbnail
Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record