dc.contributor.advisor | O’Sullivan, Declan | |
dc.contributor.advisor | Kelleher, John D. | |
dc.contributor.author | Sardina, Jeffrey Seathrún | |
dc.date.accessioned | 2025-05-29T06:33:12Z | |
dc.date.available | 2025-05-29T06:33:12Z | |
dc.date.submitted | 2025 | |
dc.identifier.citation | Sardina, Seathrún (Jeffrey) Ryan, Ailíniú Struchtúir agus Réamhinsint Nasc, Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta & na Staitisticí, Coláiste na Tríonóide, 2025 | en |
dc.description.abstract | Cé go bhfuil Graif Eolais (GE-anna) ag éirí i bhfad níos coitianta i roinnt mhaith réimsí eolaíochta toisc á gcumas an-chuid sonraí a stóráil agus a nascadh le chéile, bíonn easnamh sonraí i ngach uile GE nach mór. Taobh le forbairt GE-anna atá, mar sin, an-fhorbairt ar chórais ríomhfhoghlama a dhéantar chun sonraí atá ligthe in easnamh in GE a réamhinsint -- tasc darbh ainm Réamhinsint Nasc. Glacann mórchuid na réamhinsteoirí nasc go dtí seo le cur chuige bunaithe ar leabuithe. Sa modh foghlama seo, glactar leis gurb é is fearr ná sonraí in GE a shamhlú trí leaganacha veicteora dá nóid agus dá cheangail, agus go mbíonn cumas ar leith mar sin ag leabuithe nód / ceangal chun an tasc réamhinsinte nasc a chur i gcrích.
Tugann an tráchtas seo léargas eile ar chur chuige an réimse maidir le réamhinsint nasc agus samhlú sonraí in GE-anna. Go sonrach, déanann an saothar seo ath-anailísíocht ar GE-anna agus ar réamhinsteoirí nasc trí glacadh le radharc bunaithe ar struchtúr a shamhlaíonn sonraí in GE-anna mar abairtí triaracha iomlána, seachas mar nóid / ceangail aonaracha. Tar éis bunús teoirice a chumadh de réir na litríochta don chur chuige seo, déantar é a mheasúnú in dá chomhthéacs ar leith.
I dtosach, déantar measúnú ar an ailíniú idir aschur réamhinsteoirí nasc agus struchtúr GE-anna. Léiríonn an measúnú seo ní hamháin go mbíonn an-tionchar ag struchtúr graif ar réamhinsteoirí nasc, ach go mbíonn patrúin éifeachtachta hipear-pharaiméadar, agus éifeachtach uilíoch na réamhinsteoirí, in-léirithe de réir struchtúr an ghraif ar a rabhadar traenáilte.
I bhfianaise na dtorthaí seo, cuireann an dara measúnú an cheist an féidir airíonna struchtúir graif a úsáid chun naisc a réamhinsint go díreach sa ngraf céanna. Léiríonn torthaí na dturgnamh seo ní hamháin gur féidir sin, ach go bhfuil an-éifeacht aige sin i gcomparáid le modhanna réamhinsinte eile atá ar scoth an réimse. Ar deireadh, léirítear gur féidir trasfhoghlaim tras-GE agus tras-réimse a dhéanamh don tasc réamhinsinte nasc chomh maith nuair a shamhlaítear GE-anna de réir struchtúr na n-abairtí triaracha.
Is é príomh-thoradh an tráchtais seo ná go gcuireann radharc bunaithe ar struchtúr go mór le tuiscint an réimse ar GE-anna agus ar an tasc réamhinsinte nasc. Úsáidtear an chonclúid seo chun an Hipitéis ar Ailíniú Struchtúir a chumadh agus a roinnt -- hipitéis a deir gur féidir réamhinsint nasc a thuiscint agus a shamhlú mar thasc bunaithe ar struchtúr.
Déantar an cód agus na sonraí ar fad atá ceangailte leis an tráchtais seo -- córas a dhéanann insamhladh ar réamhinsteoirí nasc (TWIG) agus réamhinsteoir nasc bunaithe ar struchtúr (TWIG-I) ina measc sin -- a chur ar fáil faoi cheadúnas saor-rochtana chun taighde sa réimse seo a spreagadh. Is tráchtas dátheangach é seo, le príomh-dhoiciméad i mBéarla agus le hachoimre fhada i nGaeilge. Cruthaíodh agus foilsíodh foclóir téarmaí ríomhfhoghlama (An Foclóir Tráchtais) mar thionscadal saor-rochtana mar chuid d'aistriú an tráchtais seo. | |
dc.language.iso | en | en |
dc.title | Ailíniú Struchtúir agus Réamhinsint Nasc | en |
dc.publisher.institution | Trinity College Dublin, School of Computer Science and Statistics, Computer Science | en |
dc.type.qualificationlevel | Doctorate | en |
dc.rights.ecaccessrights | openAccess | |
dc.identifier.uri | https://hdl.handle.net/2262/111864 | |